We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

An 424

by Trá Pháidín

/
  • Compact Disc (CD) + Digital Album

    Is cóip dluthdhiosca é seo den albam "An 424" ó Trá Pháidín sa shtíl de '4 panel digifile' a bhfuil an dearaithe go gálanta ag an dearthóir Mori Maker (Sara Leslie).

    Includes unlimited streaming of An 424 via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    ships out within 3 days
    3 remaining

      €15 EUR or more 

     

  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      €12 EUR  or more

     

1.
cáin chairr 07:23
2.
3.
maidin heinz 03:16
4.
5.
6.
7.
8.
9.
10.
11.
yung fella 13:45
12.

about

Diabhaltaí an téarma é 'sícitíreolaíocht' (psychogeography)..........sin an tionchar a bhíonns ag tíreolaíocht agus tírdhreacht ceantair áirid ar shícé, aigne agus nádúr mhuintir na háite sin…………..s’dóigh.

Mar is eol do dhaoine, tá cáil ar Chonamara i dtaobh na sícitíreolaíochta de bharr obair an Uasail Tim Robinson. Fear a shiúl chuile cladach i chuile ceantar ag déanamh machnamh ar an tíreolaíocht, ar an gcultúr, ar stair na háite, ar an nGaeilge, ar an mBéarla, ar chodaigh (fractals), ar logainmeacha agus ar an mbéaloideas fad is a bhí sé ag tarraingt an mapa is fearr agus is cruinne den cheantar.

Right, tá comhthéacs, cúpla buzzword agus ainmneacha suimiúla ráite agam, tá sé in am don chraic bharúil…..

Tá aithne ag gach duine i nGaeltacht Chonamara Theas ar "Bhóthar Chois Fharraige" (an R336). Bíonn muintir Chonamara ag taisteal ar an mbóthar seo beagnach chuile lá beo i gcarr, ar an "wyycycle", ar bhusannaí Pheadar Óg nó go deimhin, ar an 424 (an seirbhís bus atá curtha ar fáil ag Bus Éireann). Ó Bhearna go Carna (b'fhéidir beagán de detour i gCasla ag dul siar tríd an Cheathrú Rua chomh fada le Leitir Mealláin)

Tá cleachtadh maith ag aon phaisinéir ar na radharcanna aoibhne ar an tírdhreach atá le feiceáil ar an turas seo. Ina measc tá Cuan na Gaillimhe, An Bhoirinn, na hOileáin Árann, Aillte an Mhothair, Portach Mhaigh Cuilinn, Bóthar Loch an Iolra, Cuan Casla, Cuan an Fhir Mhóir, Cnoc Mordáin, Sléibhte Mhám Toirc agus Na Beanna Beola. Tá cleachtadh maith freisin ag paisinéirí ar phearsantacht éagsúil an bhus. Ag brath ar an lá, gheobhaidh tú léargas éagsúil ar "aigne chasta" na nGael fad is atá an bus ag taisteal amach as an nGaeltacht go dtín Ghalltacht, nó b'fhéidir ag dul an bealach eile.

Seo ábhar a mbeadh tú in ann PhD socheolaíochta a scríobh faoi (agus seans mhaith go bhfuil sé déanta cheana féin). Ach, más duine thú a d'fhás aníos nó atá ina chonaí sa cheantar seo, tá tuiscint áirid agat faoin tráth seo ar cé chomh casta is atá aigne na nGael agus an sórt speictream seo d’fhéiniúlacht atá ar bhóthar Chois Fharraige. Leis an tírdhreacht san áireamh, is machnamh iontach é turas an bhus seo ar chúrsaí éagsúla an tsaoil.

‘Bhfuil tionchar ag an mbus ar nádúr na ndaoine?
Nó an bhfuil tionchar ag na daoine ar nádúr an bhus?'

Le gach dea-ghuí,
TP.

credits

released November 24, 2023

Aoife de Bláca // cruit & lapshtíl
Conal Ó hAinmhuighe // trumpa & fliúit
Niamh Daltún // sacsafón altach & fidil
Peadar-Tom Mercier // giotár
Pól Ó Lionáird // cnaguirlisí
Ruairí de Búrca // drumaí
Sara Leslie // dord
Séamus Mac Chriosta // drumaí
Ultan Ó Labhradha // clairinéad, fidil & sacsafón baratónach

Innealtóir taifeadta // Aindriú de Buitléir
Cúntóir taifeadta // Josh McPhilips

Meascán // John 'Spud' Murphy
Máistriú // Mark Waldron-Hyden

Dearadh albaim // Sara Leslie (Mori Maker)

Taifeadta i dTí Mercier ar an bPointe, An Cheathrú Rua ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa 2022. Ár mbuíochas le Paul & Anne as ucht cead a thabhairt dúinn úsáid a bhaint as an teach don deireadh seachtaine sin.

Míle buíochas le hEalaín na Gaeltachta, le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an gComhairle Ealaíon as ucht an mhaoinithe don taifead seo.

license

all rights reserved

tags

about

Trá Pháidín Galway, Ireland

contact / help

Contact Trá Pháidín

Streaming and
Download help

Redeem code

Report this album or account

Trá Pháidín recommends:

If you like Trá Pháidín, you may also like: